Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 5 : RÚIN AGUS MOLTAÍ

Riail 135 : Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta

1.   Féadfaidh coiste, toscaireacht idirpharlaiminteach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh, i scríbhinn, ar an Uachtarán díospóireacht a sheoladh ar chás práinneach a bhaineann le sárú ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

2.   Tarraingeoidh Comhdháil na nUachtarán suas liosta ábhar a bheidh le cur san áireamh sa dréachtchlár oibre críochnaitheach don chéad díospóireacht eile ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ar bhonn na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IV. Ní bheidh líon iomlán na n-ábhar a bheidh san áireamh sa chlár oibre níos mó ná trí, lena n-áirítear fochaibidlí.

I gcomhréir le Riail 149a, féadfaidh an Pharlaimint topaic a raibh díospóireacht le déanamh uirthi a thréigean agus topaic neamhsceidealta a chur ina hionad sa díospóireacht. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscintí i gcomhair rún ar na hábhair a roghnaítear a chur síos faoi thráthnóna an lae a nglactar an clár oibre. Socróidh an tUachtarán an sprioc-am beacht le haghaidh tairiscintí i gcomhair rúin den sórt sin a chur síos.

3.   Déanfar an t-am labhartha iomlán do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte a leithroinnt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 162(4) agus (5), suas go ham uasta i gcomhair díospóireachtaí, is é sin, 60 nóiméad in aghaidh an pháirtseisiúin.

Maidir le haon am atá fágtha tar éis an t-am a bheidh ag teastáil chun na tairiscintí i gcomhair rúin a thabhairt isteach, mar aon le haon am labhartha a leithroinntear chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, a asbhaint, déanfar é a mhiondealú idir na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte.

4.   Beidh vótáil ann láithreach ag deireadh na díospóireachta. Ní bheidh feidhm ag Riail 183 a bhaineann leis na mínithe ar an vótáil.

Féadfar vótálacha a dhéantar faoin Riail seo a eagrú ar bhonn comhpháirteach faoi fhreagracht an Uachtaráin agus Chomhdháil na nUachtarán.

5.   Má dhéantar dhá thairiscint i gcomhair rún, nó níos mó, a chur síos ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i Riail 123(4) agus (5).

6.   Féadfaidh an tUachtarán agus Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla a chinneadh go ndéanfar vótáil ar thairiscint i gcomhair rúin gan aon díospóireacht a bheith ann. Beidh comhaontú d'aon toil ó Chathaoirligh uile na ngrúpaí polaitiúla ag teastáil chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh.

Níl feidhm ag forálacha Riail 187 agus Riail 188 maidir le tairiscintí i gcomhair rún atá ar an gclár oibre le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

Ní dhéantar tairiscintí i gcomhair rún a chur síos le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ach amháin tar éis liosta na n-ábhar a bheith glactha. Maidir le tairiscintí i gcomhair rún nach féidir déileáil leo san am a leithroinntear don díospóireacht, titfidh siad ar lár. Baineann sé sin freisin le tairiscintí i gcomhair rún a suitear ina leith, tar éis iarraidh faoi Riail 168(3), nach bhfuil córam i láthair. Tá na húdair i dteideal tairiscintí den sórt sin a chur síos an athuair lena mbreithniú i gcoiste faoi Riail 133 nó le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ag an gcéad pháirtseisiún eile.

Ní fhéadfar ábhar a chur san áireamh sa chlár oibre le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta má tá sé ar an gclár oibre don pháirtseisiún sin cheana féin.

Níl aon fhorálacha ann sna Rialacha lena gceadaítear díospóireacht chomhpháirteach ar thairiscint i gcomhair rúin, arna cur síos i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2, agus ar thuarascáil ó choiste ar an ábhar céanna.

I gcás ina ndéantar iarraidh faoi Riail 168(3) a shuí an bhfuil córam i láthair, ní bheidh an iarraidh sin bailí ach amháin don tairiscint i gcomhair rún a bhfuiltear le vótáil a dhéanamh uirthi agus ní do na tairiscintí sin a bheidh ann ina dhiaidh sin.

An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais