Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 4 : BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

Riail 167 : Nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach

Féadfaidh an Feisire lena mbaineann achomharc inmheánach a thaisceadh leis an mBiúró laistigh de dhá sheachtain ón tráth a thugtar an fógra i dtaobh an phionóis arna fhorchur ag an Uachtarán de bhua Riail 166(1) go (5). Beidh d’éifeacht ag achomharc den sórt sin go gcuirfear feidhmiú an phionóis sin ar fionraí. Féadfaidh an Biúró, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis thaisceadh an achomhairc nó, mura bhfuil cruinniú acu laistigh den tréimhse sin, ag a chéad chruinniú eile, an pionós a forchuireadh a neamhniú, a dhaingniú nó a mhodhnú, ach sin gan dochar do na cearta atá ar fáil don Fheisire lena mbaineann achomharc seachtrach a dhéanamh. Má theipeann ar an mBiúró cinneadh a ghlacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos, measfar an pionós a bheith ar neamhní.

An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais