Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 211 : Éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí maidir leis na tionscnaimh ó na saoránaigh

1.   I gcás ina mbeidh tionscnamh ó na saoránaigh foilsithe ag an gCoimisiún sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ó Chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, an méid seo a leanas:

(a)   a chur de chúram ar an gcoiste atá freagrach as an ábhar de réir Iarscríbhinn VI eagrú a dhéanamh ar an éisteacht phoiblí dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011; beidh an coiste atá freagrach as achainíocha comhlachaithe go huathoibríoch faoi Riail 54;

(b)   féadfaidh sé, más rud é maidir le dhá thionscnamh ó na saoránaigh nó níos mó, arna bhfoilsiú sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a bhfuil ábhar comhchosúil acu, a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na heagraithe, go bhfuil éisteacht phoiblí chomhpháirteach le heagrú ina ndéileálfar leis na tionscnaimh go léir ó na saoránaigh ar bhonn cothrom.

2.   Maidir leis an gcoiste atá freagrach as an ábhar:

(a)   déanfaidh sé a fhíorú an raibh cruinniú ag an gCoimisiún leis na heagraithe ag leibhéal iomchuí i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011;

(b)   a áirithiú, más gá sin, le tacaíocht Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, go mbeidh an Coimisiún páirteach go cuí in eagrú na héisteachta poiblí agus go mbeidh ionadaíocht ag leibhéal iomchuí aige san éisteacht.

3.   Déanfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar an éisteacht phoiblí a chomóradh ag dáta iomchuí laistigh de thrí mhí ón tionscnamh a thíolacadh chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011.

4.   Eagróidh an coiste freagrach an éisteacht phoiblí sa Pharlaimint, i gcomhréir le cibé institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais ar mian leo a bheith páirteach inti, más iomchuí. Féadfaidh sé a iarraidh ar gheallsealbhóirí eile a bheith i láthair.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cuireadh a thabhairt do ghrúpa ionadaíoch de na heagraithe, lena n- áirítear duine amháin ar a laghad de na daoine teagmhála dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, an tionscnamh a chur i láthair ag an éisteacht.

5.   Déanfaidh an Biúró, i gcomhréir leis na socruithe atá comhaontaithe leis an gCoimisiún, rialacha a ghlacadh maidir leis na costais a bheidh tabhaithe a aisíoc.

6.   Féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte agus Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí a gcumhachtaí faoin Riail seo a tharmligean chuig Leas-Uachtarán agus chuig cathaoirleach eile faoi seach.

7.   Má bhíonn na coinníollacha a leagtar síos i Riail 54 nó i Riail 55 á gcomhlíonadh, beidh feidhm freisin ag na coinníollacha sin, le coistí eile. Beidh feidhm freisin ag Rialacha 201 agus 201a.

Ní bheidh feidhm ag Riail 25(9) maidir le héisteachtaí poiblí i ndáil le tionscnaimh ó na saoránaigh.

8.   Beidh díospóireacht ag an bParlaimint ar thionscnamh ó na saoránaigh arna fhoilsiú sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ag páirtseisiún tar éis na héisteachta poiblí agus, déanfaidh sí, nuair a bheidh an díospóireacht á cur ar a clár oibre, a chinneadh i dtaobh cibé acu ba cheart nó nár cheart an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún. Ní dhéanfaidh sí an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún má tá tuarascáil ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhchosúil sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 123(3) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

9.   Tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún lena leagfar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir le tionscnamh ar leith ó na saoránaigh, déanfaidh an Pharlaimint measúnú ar na gníomhartha a ghlac an Coimisiún de thoradh na teachtaireachta sin. I gcás ina mainníonn an Coimisiún togra iomchuí a chur isteach maidir le tionscnamh ó na saoránaigh, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar éisteacht a eagrú i gcomhairliúchán le heagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh. Thairis sin, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh i dtaobh ar cheart díospóireacht sa suí iomlánach a reáchtáil agus ar cheart an díospóireacht sin a thabhairt chun críche le rún. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos i Mír 8. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh freisin an ceart a thugtar di le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus an nós imeachta a leagtar síos i Riail 46 á ghníomhachtú ar an gcaoi sin.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 211/20111 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnaimh ó na saoránaigh (OJ L 65, 11.3.2011, p. 1).
An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais