TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 2 - AN DARA LÉAMH
Riail 66 : Cur faoi bhráid na Parlaiminte
Déanfar an seasamh ón gComhairle agus, i gcás é a bheith ar fáil, an moladh don dara léamh ón gcoiste freagrach a chur go huathoibríoch ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a bhfuil Céadaoin an pháirtseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh an lá a théann an tréimhse trí mhí nó, má fhadaítear an tréimhse sin i gcomhréir le Riail 64, an tréimhse ceithre mhí, in éag mura rud é gur déileáladh leis an ábhar ag páirtseisiún níos túisce.