Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 3 - CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH

Riail 73 : An chaibidlíocht roimh an dara léamh sa Pharlaimint

Más rud é go mbeidh an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh tarchurtha chuig an gcoiste freagrach, beidh an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, faoi réir Riail 68, ina shainordú le haghaidh aon chaibidlíochta le hinstitiúidí eile. Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh dul i mbun caibidlíochta tráth ar bith ina dhiaidh sin.

I gcás ina bhfuil eilimintí sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh nach bhfuil cumhdaithe sa dréachtghníomh reachtach nó sa seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, féadfaidh an coiste treoirlínte a ghlacadh, lena n-áirítear i bhfoirm leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, don fhoireann caibidlíochta.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais