TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 4 : FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN
Riail 83 : Obair iardain i ndáil leis an seasamh ón bParlaimint
1. Sa tréimhse tar éis don Pharlaimint a seasamh ar dhréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, déanfaidh Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh faireachán ar dhul chun cinn an dréachtghnímh sin i gcaitheamh an nós imeachta as a leanfaidh a ghlacadh ag an gComhairle, go háirithe chun a áirithiú go n-urramaítear go cuí aon ghealltanais arna dtabhairt ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún don Pharlaimint i ndáil lena seasamh. Tuairisceoidh an Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh go tráthrialta don choiste.
2. Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an t-ábhar a phlé leis.
3. Féadfaidh an coiste freagrach, ag céim ar bith den nós imeachta iardain, má mheasann sé gur gá sin, tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina moltar don Pharlaimint an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar,
- a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gComhairle an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint an athuair de bhun Riail 84, nó a iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh, nó
- cinneadh a dhéanamh faoi aon ghníomhaíocht eile a mheasann sí a bheith iomchuí.
Cuirfear tairiscint den sórt sin ar dhréachtchlár oibre an pháirtseisiúin a bheidh ann tar éis don choiste an tairiscint a ghlacadh.