TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 93 : An nós imeachta buiséadach bliantúil
Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh aon tuarascáil a tharraingt suas a mheastar bheith iomchuí maidir leis an mbuiséad, ag féachaint don Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais
(1).
Féadfaidh aon choiste eile tuairim a thabhairt laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an gcoiste freagrach.
Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).