Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 9 : NÓSANNA IMEACHTA EILE

Riail 106 : An nós imeachta maidir le tuairimí a thabhairt i dtaca le maoluithe ar ghlacadh an euro

1.   Nuair a théitear i gcomhairle leis an bParlaimint de bhun Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an coiste freagrach tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina moltar an gníomh beartaithe a fhormheas nó diúltú don ghníomh beartaithe sin ar dá bun a bhreithneoidh an Pharlaimint.

2.   Déanfaidh an Pharlaimint vótáil aonair ar an ngníomh beartaithe, agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos ina leith.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais