TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 9 : NÓSANNA IMEACHTA EILE
Riail 110 : Athmhúnlú
1. I gcás ina ndéantar togra lena n-athmhúnlaítear reachtaíocht Aontais a chur faoi bhráid na Parlaiminte, tarchuirfear é chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla agus chuig an gcoiste atá freagrach as ábhar an togra.
2. Déanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla an togra a scrúdú i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach
(1) d’fhonn a sheiceáil nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin.
Chun críche an scrúdaithe sin, ní bheidh leasuithe ar théacs an togra inghlactha. Beidh feidhm, áfach, ag an dara fomhír de Riail 109(3) maidir leis na forálacha a fhanann gan athrú sa togra athmhúnlúcháin.
3. Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.
I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Rialacha 180 agus 181, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.
Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.
4. Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla go bhfuil athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, molfaidh sé go ndiúltóidh an Pharlaimint don togra agus cuirfidh sé in iúl don choiste atá freagrach as an ábhar go bhfuil sé sin déanta aige.
I gcás den sórt sin, iarrfaidh an tUachtarán ar an gCoimisiún an togra a tharraingt siar. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta sa Pharlaimint iomarcach agus cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle ar an eolas dá réir. Más rud é nach dtarraingíonn an Coimisiún siar a thogra, tarchuirfidh an Pharlaimint ar ais chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é, agus breithneoidh an coiste sin é i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta.
Comhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha (IO C 77, 28.3.2002, lch. 1), pointe 9.