Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL IV : TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 123 : Rochtain ar an bParlaimint

1.   Déanfar suaitheantais rochtana a eisiúint d’Fheisirí, do chúntóirí Feisirí agus do thríú daoine ar bhonn na rialacha arna leagan síos ag an mBiúró. Déanfaidh na rialacha sin rialú ar úsáid agus ar tharraingt siar suaitheantas rochtana.

2.   Ní thabharfar suaitheantais do dhaoine aonair ó fhoireann Feisire, ar daoine aonair iad a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta.

3.   Ní mór d'eintitis a liostaítear ar an gclár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:

-   an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gcomhaontú;

-   na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa chomhaontú; agus

-   na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.

Gan dochar d’infheidhmeacht na rialacha ginearálta lena rialaítear tarraingt siar nó díghníomhú sealadach a dhéanamh ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach, agus murab ann d’argóintí suntasacha dá mhalairt, déanfaidh an tArdrúnaí, le húdarú na gCaestóirí, tarraingt siar nó díghníomhú sealadach ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach i gcás ina ndearnadh a shealbhóir a chosc ón gclár trédhearcachta de bharr sárú ar an gCód Iompar do Chláraithe, ina raibh an sealbhóir ciontach as sárú ar oibleagáidí arna leagan síos sa mhír seo, nó inar dhiúltaigh an sealbhóir, gan údar leordhóthanach a thabhairt, toghairm fhoirmiúil chun freastal ar éisteacht nó ar chruinniú coiste a chomhlíonadh nó inar dhiúltaigh sé nó sí comhoibriú le coiste fiosrúcháin.

4.   Féadfaidh na Caestóirí a chinneadh a mhéid atá an Cód Iompair dá dtagraítear i mír 3 infheidhme maidir le daoine nach dtagann faoi réim raon feidhme an chomhaontaithe ach ar daoine iad a bhfuil suaitheantas lena dtugtar rochtain fhadtéarmach acu.

5.   I gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe maidir leis an gclár trédhearcachta a bhunú, déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais