TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN
Riail 130 : Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh
1. Iarrfar ar an iarrthóir a bheidh ainmnithe mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán nó mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.
2. Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas.
3. Déanfar an vótáil laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.
4. Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán go ndéanfaí an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus go ndéanfaí ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.