Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VI : CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Riail 151 : An Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC)

1.   Ar thogra ón Uachtarán, ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig COSAC agus féadfaidh sí sainordú a thabhairt don toscaireacht sin. Beidh Leas- Uachtarán amháin de chuid Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta a chur chun feidhme agus Cathaoirleach an choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla i gceannas ar an toscaireacht.

2.   Roghnófar na comhaltaí eile den toscaireacht i bhfianaise na n-ábhar a bheidh le plé ag cruinniú COSAC agus áireofar orthu, a mhéid is féidir, ionadaithe ó na coistí atá freagrach as na hábhair sin.

3.   Agus comhaltaí na toscaireachta á roghnú, tabharfar aird chuí ar an gcóimheá pholaitiúil fhoriomlán laistigh den Pharlaimint.

4.   Cuirfidh an toscaireacht tuarascáil faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán tar éis gach ceann de chruinnithe COSAC.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais