Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 2 : ORD GNÓ NA PARLAIMINTE

Riail 163 : An nós imeachta i gcás práinne

1.   Maidir le hiarraidh go ndéileálfar mar ábhar práinneach le díospóireacht ar thogra a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 48(1), féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi.

2.   A luaithe a bheidh iarraidh ar dhíospóireacht phráinneach faighte ag an Uachtarán, fógrófar an méid sin sa Pharlaimint. Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh ar na Feisirí sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar dhíospóireacht phráinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar dhíospóireacht phráinneach i gcás iarrataí go léir den sórt sin ar an ábhar céanna.

3.   Roimh an vótáil, ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, agus do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó don bheirt acu. Ní fhéadfaidh aon duine de na cainteoirí sin labhairt ar feadh tréimhse níos faide ná trí nóiméad.

4.   Maidir le ceisteanna a bhfuiltear chun déileáil leo tríd an nós imeachta i gcás práinne, tabharfar tosaíocht dóibh ar na míreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht agus don vótáil.

5.   Féadfar nós imeachta práinneach a sheoladh d'uireasa tuarascála nó, go heisceachtúil, ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach.

gcás ina n-úsáidtear nós imeachta práinneach agus ina dtarlaíonn caibidlíocht idirinstitiúideach, ní bheidh feidhm ag Rialacha 70 agus 71. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais