Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 7 : TAIFEAD POIBLÍ AR NA hIMEACHTAÍ

Riail 202 : Miontuairiscí

1.   Déanfar miontuairiscí gach suí, ina dtugtar mionsonraí ar imeachtaí, ar ainmneacha na gcainteoirí agus ar chinntí na Parlaiminte, lena n-áirítear toradh aon vótála maidir le haon leasú, a chur ar fáil leathuair an chloig ar a laghad sula dtosóidh tréimhse iarnóin an chéad suí eile ina dhiaidh sin.

2.   Déanfar liosta doiciméid arb iad is bonn do dhíospóireachtaí agus do chinntí na Parlaiminte a fhoilsiú sna miontuairiscí.

3.   Ag tús na tréimhse iarnóin de gach suí, cuirfidh an tUachtarán miontuairiscí an tsuí roimhe sin os comhair na Parlaiminte lena bhformheas.

4.   Má ardaítear aon agóidí i leith na miontuairiscí, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh, más gá, i dtaobh an ceart na hathruithe a iarradh a chur san áireamh. Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar an ábhar ar feadh tréimhse is faide ná aon nóiméad amháin.

5.   Síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí na miontuairiscí agus caomhnófar i dtaifid naParlaiminte iad. Foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais