1. Nuair a chuirtear in iúl don Pharlaimint gur iarradh ar an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh faoi Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, déanfaidh an coiste atá freagrach as achainíocha fíorú i dtaobh an dóigh go ndéanfaidh sé sin difear dá obair agus, más gá, cuirfidh sé an méid sin in iúl do shaoránaigh a mbeidh achainí tíolactha acu ar ábhair ghaolmhara.
2. Maidir le tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, ar tionscnaimh iad a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, ach nach féidir a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán sin ós rud é nár comhlíonadh na nósanna imeachta ábhartha uile ná na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach ann, féadfaidh an coiste atá freagrach as achainíocha na tionscnaimh sin a scrúdú má mheasann sé gurb iomchuí scrúdú leantach a dhéanamh. Beidh feidhm ag Rialacha 226, 227, 228 agus 229
mutatis mutandis.