Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL XIII : NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ

Riail 236 : Na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm

1.   Más rud é go bhfuil aon amhras ann faoi chur i bhfeidhm nó léirmhíniú na Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach le scrúdú a dhéanamh ina Leith.

Féadfaidh Cathaoirligh na gcoistí an rud céanna a dhéanamh nuair a thagann amhras den sórt sin chun cinn le linn obair an choiste agus go mbaineann an t-amhras leis an obair sin.

2.   Déanfaidh an coiste cinneadh i dtaobh an gá leasú ar na Rialacha Nós Imeachta a mholadh. Más amhlaidh an cás, feidhmeoidh sé i gcomhréir le Riail 237.

3.   Más rud é go gcinneann an coiste gur leor léirmhíniú ar na Rialacha láithreacha, cuirfidh sé a léirmhíniú ar aghaidh chuig an Uachtarán agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint ag an gcéad pháirtseisiún eile.

4.   Más rud é go ndéanann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i gcoinne léirmhíniú an choiste laistigh de thréimhse 24 huair an chloig tar éis a fhógartha, déanfar vótáil ar an ábhar sa Pharlaimint. Glacfar leis an téacs le tromlach na vótaí a chaitear, ar choinníoll go bhfuil an tríú cuid ar a laghad de líon na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair. I gcás diúltaithe, tarchuirfear an t-ábhar ar ais chuig an gcoiste.

5.   Déanfar léirmhínithe neamhagóidithe agus léirmhínithe arna nglacadh ag an bParlaimint a chur i gceangal leis an Riail iomchuí nó leis na Rialacha iomchuí, agus beidh na léirmhínithe sin i gcló iodálach mar nótaí míniúcháin.

6.   Beidh léirmhínithe ina bhfasaigh i gcomhair fheidhmiú agus léirmhíniú na Rialacha lena mbaineann as sin amach.

7.   Déanfaidh an coiste freagrach na Rialacha Nós Imeachta agus na léirmhínithe a athbhreithniú go rialta.

8.   I gcás ina dtugann na Rialacha seo cearta do líon sonrach Feisirí, déanfar an líon sin a choigeartú go huathoibríoch go dtí an tslánuimhir is gaire a sheasann don chéatadán céanna de chomhaltas na Parlaiminte aon uair a mhodhnaítear méid iomlán na Parlaiminte, go háirithe tar éis méaduithe ar an Aontas Eorpach.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais