Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS

Riail 23 : Dualgais na Leas-Uachtarán

1.   Más rud é nach bhfuil an tUachtarán i láthair nó nach bhfuil ar chumas an Uachtaráin a chuid nó a cuid dualgas a urscaoileadh, nó más rud é gur mian leis nó léi páirt a ghlacadh i ndíospóireacht de bhun Riail 22(3), glacfaidh duine de na Leas-Uachtaráin arna chinneadh i gcomhréir leis an ord tosaíochta ionad an Uachtaráin.

2.   Déanfaidh na Leas-Uachtaráin na dualgais a thugtar dóibh faoi Riail 25, faoi Riail 27(3) agus (5) agus faoi Riail 77(3) a chomhlíonadh freisin.

3.   Féadfaidh an tUachtarán aon dualgais, amhail ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ag searmanais shonracha nó i leith gníomhartha sonracha, a tharmligean chuig na Leas- Uachtaráin. Go sonrach, féadfaidh an tUachtarán Leas-Uachtarán a ainmniú chun dualgais an Uachtaráin a leagtar síos i Riail 137 agus i Riail 138(2) a chomhlíonadh.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais