Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 1 : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 38 : Cláreagrú bliantúil

1.   Oibreoidh an Pharlaimint in éineacht leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun pleanáil reachtach an Aontais Eorpaigh a chinneadh.

Comhoibreoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún le chéile le linn Clár Oibre an Choimisiúin a ullmhú – is é sin, rannchuidiú an Choimisiúin i ndáil le cláreagrú bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais – i gcomhréir leis an tráthchlár agus na socruithe atá comhaontaithe idir an dá institiúid (1).

2.   Tar éis Clár Oibre an Choimisiúin a ghlacadh, déanfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, de bhun mhír 7 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2), tuairimí a mhalartú agus comhhdhearbhú a chomhaontú maidir le cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil ina leagtar amach cuspóirí agus tosaíochtaí leathana.

Sula ndéanfar an comhdhearbhú a chaibidil leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, reáchtálfaidh an tUachtarán malartú tuairimí le Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí leathana na Parlaiminte.

Sula síneofar an comhdhearbhú, féachfaidh an tUachtarán le formheas Chomhdháil na nUachtarán.

3.   Déanfaidh an tUachtarán aon rún arna ghlacadh ag an bParlaimint maidir le pleanáil reachtach agus tosaíochtaí reachtacha a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile atá páirteach i nós imeachta reachtach an Aontais agus chuig parlaimintí na mBallstát.

4.   Má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a tharraingt siar, tabharfaidh an coiste freagrach cuireadh don Choimisinéir ábhartha chun cruinniú chun an intinn sin a phlé. Féadfar cuireadh a thabhairt d’Uachtaránacht na Comhairle teacht chun an chruinnithe sin chomh maith. Má easaontaíonn an coiste freagrach leis an aistarraingt bheartaithe, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún ráiteas chun na Parlaiminte. Beidh feidhm ag Riail 132.

(1) Creat-Chomhaontú an 20.Deireadh Fómhair.2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (IO L 304, 20.11.2010, lch. 47).
(2) Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais