TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE
Riail 53 : Tuarascálacha neamhreachtacha
1. I gcás ina dtarraingíonn coiste tuarascáil neamhreachtach suas, ceapfaidh sé rapóirtéir as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid.
2. Is é a bheidh i dtuarascáil an choiste:
(a) tairiscint i gcomhair rúin;
(b) ráiteas míniúcháin lena n-áirítear, i gcás inar gá, ráiteas airgeadais ina suitear méid an tionchair airgeadais a ghabhann leis an tuarascáil, más ann, agus comhréireacht na tuarascála leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil;
(c) téacsanna aon tairiscintí i gcomhair rún atá le cur san áireamh faoi Riail 143(7).