Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 3 - CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH

Riail 72 : An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Chomhairle

Más rud é go mbeidh a seasamh ar an gcéad léamh glactha ag an bParlaimint, beidh an seasamh sin ina shainordú le haghaidh aon chaibidlíochta le hinstitiúidí eile. Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh, trí thromlach a chomhaltaí, dul i mbun caibidlíochta tráth ar bith ina dhiaidh sin. Fógrófar na cinntí sin sa Pharlaimint le linn an pháirtseisiúin tar éis na vótála sa choiste agus beidh tagairt dóibh ar áireamh sna miontuairiscí.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais