Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 4 : FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN

Riail 84 : Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint

1.   Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair sna himthosca céanna agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach i Riail 61(1). Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán freisin ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair i gcás ina ndéanann an Chomhairle leasú substaintiúil ar an dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí ar ar thug an Pharlaimint a seasamh ar dtús, nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle leasú substaintiúil a dhéanamh, ach amháin i gcás ina ndéantar amhlaidh chun leasuithe na Parlaiminte a ionchorprú ann.

2.   Iarrfaidh an tUachtarán freisin dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an bParlaimint an athuair sna himthosca atá sainithe sa Riail seo i gcás, ar thogra ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, ina gcinneann an Pharlaimint amhlaidh.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais