TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 96 : An buiséad a ghlacadh go cinntitheach
I gcás ina measann an tUachtarán gur glacadh an buiséad i gcomhréir le forálacha Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dearbhóidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad arna ghlacadh go cinntitheach. Déanfaidh an tUachtarán socrú lena fhoilsiú in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.