TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 98 : Cur chun feidhme an bhuiséid
1. Déanfaidh an Pharlaimint faireachán ar chur chun feidhme bhuiséad na bliana reatha. Tabharfaidh an Pharlaimint an cúram seo do na coistí atá freagrach as an mbuiséad agus as rialú buiséadach agus do na coistí eile lena mbaineann.
2. Gach bliain, roimh a léamh ar an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais dár gcionn, breithneoidh an Pharlaimint na fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid reatha agus, nuair is cuí, déanfar sin ar bhonn tairiscint i gcomhair rúin arna cur síos ag a coiste freagrach.