TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN
Riail 124 : Toghadh Uachtarán an Choimisiúin
1. Nuair a mholann an Chomhairle Eorpach iarrthóir le haghaidh oifig Uachtarán an Choimisiúin, iarrfaidh an tUachtarán ar an iarrthóir ráiteas a dhéanamh agus a chuid nó a cuid treoirlínte polaitiúla a thíolacadh don Pharlaimint. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.
Iarrfar ar an gComhairle Eorpach páirt a ghlacadh sa díospóireacht.
2. Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.I gcomhréir le hAirteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, toghfaidh an
Déanfar an vótáil le ballóid rúnda.
3. Má thoghtar an t-iarrthóir, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Chomhairle, á iarraidh uirthi agus ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin ainmnithigh a mholadh de thoil a chéile do na poist éagsúla mar Choimisinéirí.
4. Más rud é nach bhfaigheann an t-iarrthóir an tromlach is gá, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle Eorpach iarrthóir nua a mholadh laistigh d'aon mhí amháin agus beidh an t-iarrthóir sin le toghadh i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.