Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 5 : RÚIN AGUS MOLTAÍ

Riail 143 : Tairiscintí i gcomhair rún

1.   Féadfaidh aon Fheisire tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar ábhar a thagann faoi réim ghníomhaíochta an Aontais Eorpaigh.

Ní fhéadfaidh níos mó ná 200 focal a bheith sa tairiscint sin.

2.   Maidir le hinneachar na tairisceana sin, ní fhéadfaidh:

-   cinneadh a bheith ann maidir le nithe a bhfuil nósanna imeachta sonracha agus inniúlachtaí sonracha eile leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta seo maidir leo, go háirithe Riail 47, nó

-   go mbeidh sé ag déileáil le hábhar imeachtaí atá ar siúl fós sa Pharlaimint.

3.   Ní fhéadfaidh gach Feisire níos mó ná tairiscint amháin den sórt sin a chur síos gach mí.

4.   Cuirfear an tairiscint i gcomhair rúin faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme á gcomhlíonadh aige. Má dhearbhaíonn an tUachtarán an tairiscint a bheith inghlactha, fógróidh an tUachtarán sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh an tUachtarán chuig an gcoiste freagrach é.

5.   Déanfaidh an coiste freagrach cinneadh i dtaobh cén nós imeachta a bheidh le leanúint, agus féadfar a bheith i gceist leis tairiscint i gcomhair rúin a nascadh le tairiscintí eile i gcomhair rún nó le tuarascálacha eile, tuairim a ghlacadh, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm litreach, nó tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54. Féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh freisin gan gníomh iardain a dhéanamh maidir leis an tairiscint i gcomhair rúin.

6.   Cuirfear cinntí an Uachtaráin, an choiste agus Chomhdháil na nUachtarán in iúl d’údair tairisceana i gcomhair rúin.

7.   Beidh téacs na tairisceana i gcomhair rúin san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

8.   Tuairimí i bhfoirm litreach dá dtagraítear i mír 5 agus a dhírítear chuig institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an tUachtarán iad a chur ar aghaidh chucu.

9.   Féadfaidh údar nó údair nó céadsínitheoir tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos i gcomhréir le mír 1 an tairiscint sin a tharraingt siar sula ndéanann an coiste freagrach cinneadh, i gcomhréir le mír 2, chun tuarascáil a tharraingt suas uirthi.

Ón tráth a ghlacfaidh an coiste freagrach an tairiscint sin i gcomhair rúin ar láimh amhlaidh, is é an coiste sin amháin a mbeidh sé de chumhacht aige í a tharraingt siar. Coimeádfaidh an coiste freagrach an chumhacht sin chun í a tharraingt siar go dtí go gcuirfear tús leis an vótáil chríochnaitheach sa suí iomlánach.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais