TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 7 : COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA
Riail 148 : Comhaontuithe idirinstitiúideacha
1. Féadfaidh an Pharlaimint comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eile i gcomhthéacs fheidhmiú na gConarthaí nó chun nósanna imeachta a fheabhsú nó a shoiléiriú.
D'fhéadfadh sé gurb é a bheidh i gcomhaontuithe den sórt sin ná dearbhuithe comhpháirteacha, malartú litreacha, cóid iompair nó ionstraimí cuí eile. Tar éis don choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla iad a scrúdú agus tar éis don Pharlaimint iad a fhormheas, síneoidh an tUachtarán iad.
2. I gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, athruithe a dhéanamh ar chearta nós imeachta nó oibleagáidí atá ann cheana d'Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás ina mbunaíonn comhaontuithe den sórt sin cearta nua nós imeachta nó oibleagáidí nua d'Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, leasú nó léirmhíniú a dhéanamh ar shlí eile ar na Rialacha Nós Imeachta, tarchuirfear an t- ábhar chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar le go mbreithneoidh sé é i gcomhréir le Riail 236(2) go (6) sula síneofar an comhaontú.