CAIBIDIL 3 : RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH
Riail 168 : Socrú idirthréimhseach
1. I rith idirthréimhse a mhairfidh go dtí deireadh an naoú téarma
(1), beidh maoluithe ar Riail 167 ceadaithe más rud é, agus sa mhéid, nach bhfuil dóthain ateangairí nó aistritheoirí ar fáil do theanga oifigiúil áirithe, d'ainneoin réamhchúraimí oiriúnacha a bheith glactha.
2. Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus aird chuí á tabhairt do na socruithe dá Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus aird chuí á tabhairt do na socruithe dá dtagraítear i mír 3, a fháil amach, maidir le gach ceann de na teangacha oifigiúla, an bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta. Déanfaidh an Biúró, bunaithe ar thuarascáil faoi dhul chun cinn ón Ardrúnaí, athbhreithniú ar a chinneadh chun maolú a cheadú ag eatraimh sé mhí. Glacfaidh an Biúró na rialacha cur chun feidhme is gá.
3. Beidh feidhm ag na socruithe speisialta sealadacha arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn na gConarthaí maidir le dréachtú gníomhartha dlíthiúla.
4. Féadfaidh an Pharlaimint, bunaithe ar mholadh réasúnaithe ón mBiúró, a chinneadh aon tráth an Riail seo a aisghairm luath nó, ag deireadh na tréimhse a luaitear i mír 1, a ré a fhadú.