Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 4 : BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

Riail 176 : Pionóis

1.   I gcásanna de shárú ar Riail 10 (2) go (9), déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirfear an pionós iomchuí ar an bhFeisire lena mbaineann i gcomhréir leis an Riail seo.

I ndáil le Riail 10 (3) nó (4), féadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo gan beann ar bheart láithreach de réir bhrí Riail 175 a bheith forchurtha roimhe sin ar an bhFeisire lena mbaineann nó gan é a bheith forchurtha.

I ndáil le Riail 10 (6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.

Féadfaidh an tUachtarán pionós a fhorchur ar Fheisire i gcásanna ina ndéantar foráil, sna Rialacha Nós Imeachta seo nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró faoi Riail 25, do chur i bhfeidhm na Rialach seo.

2.   Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh. Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh éisteacht ó bhéal a chomóradh ina ionad sin cibé uair atá sé níos iomchuí.

Déanfar an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann trí litir chláraithe nó, i gcásanna práinneacha, trí na huiséirí.

Tar éis an cinneadh sin a bheith curtha in iúl don Fheisire lena mbaineann, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint aon phionós arna fhorchur ar Fheisire. Cuirfear in iúl é d'oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.

A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, foilseofar é go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus fanfaidh sé ann don chuid eile den téarma parlaiminteach.

3.   Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin, más infheidhme, aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta do dhínit agus do cháil na Parlaiminte.

4.   D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:

(a)   iomardú;

(b)   an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá;

(c)   gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;

(d)   toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;

(e)   i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le bliain.

5.   Féadfar na bearta a leagtar síos i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 4 a mhéadú faoi dhó i gcás sraith sáruithe, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 175(3) a chomhlíonadh.

6.   Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais