1. Féadtar fochoistí a chur ar bun i gcomhréir le Riail 206. Freisin, féadfaidh buanchoiste nó coiste speisialta, ar mhaithe lena chuid oibre agus faoi réir údarú roimh ré ó Chomhdháil na nUachtarán, fochoiste amháin nó níos mó a cheapadh agus, ag an am céanna, ceapfaidh sé comhdhéanamh an fhochoiste nó na bhfochoistí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar síos i Riail 209, chomh maith lena réimsí freagrachta , ar réimsí iad a chaithfidh teacht faoi réimsí freagrachta an mháthairchoiste. Déanfaidh fochoistí den sórt sin tuairisciú chuig a máthairchoiste.
2. Mura sonraítear a mhalairt sna Rialacha seo, beidh an nós imeachta d'fhochoistí mar a chéile leis an nós imeachta do choistí.
3. Roghnófar na lánchomhaltaí go léir de chuid fochoiste as measc chomhaltaí an mháthairchoiste.
4. Beidh cead ag comhaltaí ionaid a bheith ar fhochoistí faoi na coinníollacha céanna le comhaltaí ionaid ar choistí.
5. Féadfaidh Cathaoirleach an mháthairchoiste Cathaoirligh na bhfochoistí a dhéanamh páirteach in obair na gcomhordaitheoirí nó féadfaidh an Cathaoirleach ceadú dóibh feidhmiú mar chathaoirleach le linn díospóireachtaí ar shaincheisteanna a bhfuil na fochoistí i dtrácht ag déileáil go sonrach leo, ar choinníoll go ndéantar an modh oibre sin a chuir faoi bhráid bhiúró an choiste le go mbreithneoidh agus go bhformheasfaidh sé é.