Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meitheamh 2020
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN III  :  CRITÉIR MAIDIR LE CEISTEANNA I gCOMHAIR FREAGRA I SCRÍBHINN FAOI RIALACHA 138, 140 AGUS 141

1.   I ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn:

–   sonrófar iontu go soiléir an seolaí chuig a bhfuil siad le tarchur trí na gnáthbhealaí idirinstitiúideacha;

–   tiocfaidh siad go heisiach faoi réim theorainneacha inniúlachtaí an tseolaí, mar a leagtar síos sna Conarthaí ábhartha nó i ngníomhartha reachtacha Aontais, nó faoina réim gníomhaíochta;

–   beidh leas ginearálta ag baint leo;

–   beidh siad gonta agus beidh ceist intuigthe iontu;

–   ní bheidh siad níos faide ná 200 focal;

–   ní bheidh aon chaint mhaslach iontu;

–   ní bhainfidh siad le nithe atá go hiomlán pearsanta.

–   ní bheidh níos mó ná trí fhocheist iontu.

2.   Ní fhéadfaidh ceisteanna chuig an gComhairle déileáil le hábhar atá idir lámha faoin ngnáthnós imeachta reachtach ná le feidhmeanna buiséadacha na Comhairle. :

3.   Arna iarraidh sin uirthi, tabharfaidh an Ardrúnaíocht comhairle do na húdair i dtaobh conas, i gcás ar leith, na critéir a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Más rud é go ndearnadh ceist chomhionann nó ceist chomhchosúil a chur síos agus a fhreagairt i rith na sé mhí roimhe sin, nó a mhéid nach n-iarrtar aon ní le ceist seachas faisnéis faoin méid atá déanta mar fhreagairt ar rún sonrach ón bParlaimint agus de chineál a sholáthair an Coimisiún cheana féin i gcumarsáid i scríbhinn faoin méid atá déanta i rith na sé mhí roimhe sin, cuirfidh an Rúnaíocht cóip den cheist agus den fhreagra roimhe sin nó aon chumarsáid iardain chuig an údar. Ní chuirfear an cheist athnuaite ar aghaidh chuig an seolaí mura rud é go gcinneann an tUachtarán déanamh amhlaidh i bhfianaise forbairtí nua suntasacha agus mar fhreagairt ar iarraidh réasúnaithe ón údar.

5.   Más faisnéis fhíorasach nó faisnéis staitistiúil atá á lorg le ceist agus go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin do sheirbhísí taighde na Parlaiminte, cuirfear ar aghaidh chuig na seirbhísí sin é seachas chuig an seoltaí, ach amháin má chineann an tUachtarán a mhalairt arna iarraidh sin ag an údar.

6.   Féadfar ceisteanna a bhaineann le nithe gaolmhara a fhreagairt le chéile.

An nuashonrú is déanaí: 25 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais