IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
V. An Coiste um Rialú Buiséadach
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1. rialú agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus Chiste Forbraíochta na hEorpa, agus na cinntí ar urscaoileadh atá le glacadh ag an bParlaimint, lena n-áirítear an nós imeachta urscaoilte inmheánach agus gach beart eile a ghabhann leis na cinntí sin nó lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme;
2. dúnadh, tíolacadh agus iniúchadh chuntais agus chláir chomhardaithe an Aontais, a chuid institiúidí agus aon chomhlachtaí a ndéanann sé maoiniú orthu, lena n-áirítear leithreasaí a bhunú atá le tabhairt ar aghaidh agus réiteach na gcomharduithe;
3. rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;
4. faireachán a dhéanamh ar chost-éifeachtacht na gcineálacha éagsúla maoinithe Aontais le linn beartais an Aontais a chur chun feidhme, ina bhfuil baint, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, leis na sainchoistí agus ag gníomhú dó, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, i gcomhar leis na sainchoistí le haghaidh scrúdú ar thuarascálacha speisialta de chuid na Cúirte Iniúchóirí;
5. caidreamh leis an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF), breithniú a dhéanamh ar chalaois agus ar mhírialtachtaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, bearta atá dírithe ar chásanna den sórt sin a chosc agus a ionchúiseamh, leasanna airgeadais an Aontais agus na gníomhartha ábhartha de chuid an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa réimse seo a chosaint go dian;
6. caidreamh leis an gCúirt Iniúchóirí, ceapadh a cuid comhaltaí agus breithniú a dhéanamh ar a cuid tuarascálacha;
7. an Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid.