CAIBIDIL 2 : IONADAÍOCHT SHEACHTRACH THAR CEANN AN AONTAIS AGUS AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
Riail 117 : Ionadaíocht idirnáisiúnta
1. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an ainmnitheach i gcomhair post mar cheann toscaireachta seachtraí de chuid an Aontais láithriú os comhair an choiste fhreagraigh d’fhonn ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.
2. Laistigh de dhá mhí ón éisteacht dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an coiste freagrach rún a ghlacadh nó moladh a dhéanamh, de réir mar is cuí, ar rún nó moladh é a bhaineann go díreach leis an gceapachán.