1. Beidh feidhm ag an Riail seo maidir le ceapadh na ndaoine seo a leanas:
- Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh;
- Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha Bhord Réitigh Aonair an tSásra Réitigh Aonair;
- Cathaoirligh agus Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); agus
- Stiúrthóir Bainistíochta agus Leas-Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.
2. Iarrfar ar gach iarrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.
3. Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint maidir le gach togra le haghaidh ceapacháin.
4. Déanfar an vótáil laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.
5. Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán go ndéanfaí an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus go ndéanfaí ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.