CAIBIDIL 3 : RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH
Riail 166 : Rochtain ar an Seomra
1. Ní fhéadfaidh aon duine dul isteach sa Seomra ach amháin Feisirí Parlaiminte, Comhaltaí den Choimisiún nó den Chomhairle, Ardrúnaí na Parlaiminte, daoine den fhoireann nach mór dóibh a bheith ann mar gheall ar na dualgais atá orthu, agus aon duine eile a dtabharfaidh an tUachtarán cuireadh dóibh a bheith ann.
2. Ní cheadófar isteach sna háiléir ach sealbhóirí cárta iontrála arna eisiúint go cuí ag Uachtarán nó ag Ardrúnaí na Parlaiminte
3. Fanfaidh daoine den phobal a cheadaítear isteach sna háiléir ina suí agus ina dtost. Déanfaidh na huiséirí aon duine a léiríonn a shástacht nó a mhíshástacht a chur amach láithreach.