Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meitheamh 2020
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 7 : TAIFEAD POIBLÍ AR NA hIMEACHTAÍ

Riail 203 : Téacsanna a ghlactar

1.   Déanfar téacsanna a ghlacann an Pharlaimint a fhoilsiú láithreach i ndiaidh na vótála. Cuirfear os comhair na Parlaiminte iad in éineacht le miontuairiscí an tsuí ábhartha agus caomhnófar i dtaifid na Parlaiminte iad.

2.   Maidir le téacsanna a ghlacann an Pharlaimint déanfar bailchríoch dhlítheangeolaíoch a chur orthu faoi fhreagracht an Uachtaráin. I gcás ina nglactar téacsanna den sórt sin ar bhonn comhaontaithe idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, déanfaidh an dá institiúid sin an bhailchríoch sin a chur i gcrích agus iad ag gníomhú i ndlúthchomhar lena chéile agus trí chomhaontú frithpháirteach.

3.   Chun comhleanúnachas agus cáilíocht an téacs a áirithiú i gcomhréir le toil na Parlaiminte, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos i Riail 241 i gcás inar gá oiriúnuithe sa bhreis ar cheartúcháin ar earráidí cló nó ar cheartúcháin atá riachtanach chun comhchordacht na leaganacha teanga go léir, mar aon le cirte na teanga agus comhréireacht téarmaíochta sna leaganacha sin, a áirithiú.

4.   Is i bhfoirm téacs comhdhlúite a bheidh na seasaimh a ghlacann an Pharlaimint faoin ngnáthnós imeachta reachtach. I gcás nach bhfuil an vótáil sa Pharlaimint bunaithe ar chomhaontú leis an gComhairle, déanfar aon leasuithe a glacadh a shainaithint sa téacs comhdhlúite.

5.   Tar éis bailchríoch a chur ar na téacsanna a ghlactar, síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí iad agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

An nuashonrú is déanaí: 25 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais