Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 1 - AN CHÉAD LÉAMH

Riail 59 : Vótáil sa Pharlaimint – an chéad léamh

1.   Féadfaidh an Pharlaimint an dréachtghníomh reachtach a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú..

2.   Vótálfaidh an Pharlaimint ar dtús ar aon togra chun diúltú láithreach don dréachtghníomh reachtach atá curtha síos i scríbhinn ag an gcoiste freagrach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.

Má ghlactar an togra sin i gcomhair diúltú, iarrfaidh an tUachtarán ar an institiúid tionscnaimh an dréachtghníomh reachtach a tharraingt siar.

Má dhéanann an institiúid tionscnaimh amhlaidh, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta dúnta.

Mura dtarraingeoidh an institiúid tionscnaimh an dréachtghníomh reachtach siar, fógróidh an tUachtarán go bhfuil céadléamh na Parlaiminte curtha i gcrích, mura gcinnfidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chathaoirleach nó ó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh lena athbhreithniú.

Mura nglacfar an togra sin i gcomhair diúltú, leanfaidh an Pharlaimint leis ansin i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5.

3.   Aon chomhaontú sealadach a chuireann an coiste freagrach síos faoi Riail 74(4) , tabharfar tosaíocht vótála dó agus déanfar vótáil aonair air, mura gcinnfidh an Pharlaimint ina ionad, ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, leanúint leis an vótáil ar leasuithe i gcomhréir le mír 4. Sa chás sin, cinnfidh an Pharlaimint freisin an seolfaidh sí an vótáil ar na leasuithe láithreach. Murab é sin an cás, socróidh an Pharlaimint sprioc- am nua do leasuithe agus tarlóidh an vótáil ag suí dá éis sin.

Má ghlactar an comhaontú sealadach, sa vótáil aonair sin, fógróidh an tUachtarán go bhfuil céadléamh na Parlaiminte tugtha chun críche.

Má mhainníonn an comhaontú sealadach, sa vótáil aonair sin, tromlach na vótaí a áirithiú, socróidh an tUachtarán sprioc-am nua do leasuithe ar an dréachtghníomh reachtach. Cuirfear faoi vóta na leasuithe sin ansin ag suí dá éis sin ionas go dtabharfaidh an Pharlaimint a céad léamh i gcrích.

4.   Ach amháin i gcás ina mbeidh togra i gcomhair diúltú glactha i gcomhréir le mír 1 nó le comhaontú sealadach glactha i gcomhréir le mír 1a, cuirfear faoi vóta aon leasuithe ar an dréachtghníomh reachtach ansin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, codanna aonair an chomhaontaithe shealadaigh i gcás ina mbeidh iarrataí déanta ar vótálacha deighilte nó ar leithligh, nó leasuithe iomaíochta curtha síos.

Sula ndéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar na leasuithe, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a lua agus a iarraidh ar an gComhairle a tuairim a thabhairt.

Tar éis don Pharlaimint vótáil ar na leasuithe sin , vótálfaidh an Pharlaimint ar an dréachtghníomh reachtach ar fad, arna leasú nó a mhalairt.

Má ghlactar an dréachtghníomh reachtach uile, arna leasú nó a mhalairt, fógróidh an tUachtarán go bhfuil an chéad léamh tugtha i gcrích, mura rud é, ar thogra ó Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go gcinnfidh an Pharlaimint an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh, le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach i gcomhréir le Rialacha 60 agus 74.

Mura n-áiritheoidh an dréachtghníomh reachtach uile, arna leasú nó a mhalairt, fógróidh an tUachtarán go bhfuil an chéad léamh tugtha i gcrích, mura rud é, ar thogra ó Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go gcinnfidh an Pharlaimint an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh lena athbhreithniú.

5.   Tar éis na vótálacha a dhéantar faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 agus na vótálacha a dhéantar dá éis sin ar na leasuithe ar an dréachtrún reachtach maidir le hiarrataí nós imeachta, más ann, measfar an rún reachtach a bheith glactha. Más gá, modhnófar an rún reachtach, de bhun Riail 203(2), chun toradh na vótálacha arna ndéanamh faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a léiriú.

Déanfaidh an tUachtarán téacs an rúin reachtaigh agus an seasamh ón bParlaimint a chur ar aghaidh, chun na Comhairle agus an Choimisiúin, agus, i gcás ina n-eascróidh an dréachtghníomh reachtach astu, chun grúpa tionscnaimh na mBallstát, na Cúirte Breithiúnais nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais