TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 2 - AN DARA LÉAMH
Riail 69 : Comhaontú ar an dara léamh
I gcás nach ndéantar aon togra chun diúltú don seasamh ón gComhairle ná aon leasú ar an seasamh sin a chur síos faoi Riail 67 agus faoi Riail 68 laistigh de na teorainneacha ama arna socrú le haghaidh leasuithe nó tograí i gcomhair diúltú a chur síos agus le haghaidh vótáil a dhéanamh orthu, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil glactha leis an ngníomh beartaithe.