1. Déanfaidh an Biúró réamhdhréacht de na meastacháin a tharraingt suas ar bhonn tuarascála arna hullmhú ag an Ardrúnaí.
2. Cuirfidh an tUachtarán an réamhdhréacht de na meastacháin ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus déanfaidh an coiste sin an dréacht de na meastacháin a tharraingt suas agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint.
3. Socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe ar an dréacht de na meastacháin a chur síos.
Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na leasuithe sin.
4. Glacfaidh an Pharlaimint na meastacháin.
5. Cuirfidh an tUachtarán na meastacháin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.
6. Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo freisin maidir le meastacháin leasaitheacha.