TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN
Riail 127 : Tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin
1. Féadfaidh an deichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Uachtaráin. Más rud é go ndearnadh vótáil ar thairiscint cáinte i rith na tréimhse dhá mhí roimhe sin, ní bheidh aon tairiscint cáinte nua arna chur síos ag níos lú ná an cúigiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint inghlactha.
2. Tabharfar 'tairiscint cáinte' ar an tairiscint agus déanfar cúiseanna a lua inti. Cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún í.
3. Láithreach tar éis tairiscint cáinte a fháil, tabharfaidh an tUachtarán fógra do na Feisirí á rá go bhfuil an tairiscint cáinte curtha síos.
4. Ní bheidh an díospóireacht ar cháineadh ann go dtí 24 huaire an chloig ar a laghad tar éis fógra a thabhairt do na Feisirí á rá go bhfuarthas tairiscint cáinte.
5. Is trí ghlaoch rolla a dhéanfar an vótáil ar an tairiscint agus ní dhéanfar an vótáil go dtí 48 n-uaire an chloig ar a laghad tar éis thús na díospóireachta.
6. Gan dochar do mhír 4 agus do mhír 5, beidh an díospóireacht agus an vótáil ann, ar a dhéanaí, i rith an pháirtseisiúin i ndiaidh thíolacadh na tairisceana.
7. I gcomhréir le hAirteagal 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfar an tairiscint cáinte má fhaigheann sé tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, agus gurb ionann sin agus tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint. Cuirfear toradh na vótála in iúl d'Uachtarán na Comhairle agus d'Uachtarán an Choimisiúin.