Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 4 : TUARASCÁLACHA Ó INSTITIÚIDÍ AGUS Ó CHOMHLACHTAÍ EILE

Riail 142 : Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile

1.   Maidir le tuarascálacha bliantúla agus maidir le tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile, ar ina leith a dhéantar foráil leis na Conarthaí á rá go rachfar i gcomhairle leis an bParlaimint, nó ar ina leith a cheanglaítear le forálacha dlíthiúla eile tuairim de chuid na Parlaiminte a fháil, déileálfar leo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

2.   Déanfar tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile nach gclúdaítear le raon feidhme mhír 1 a tharchur chuig an gcoiste freagrach, a dhéanfaidh iad a scrúdú, agus a d’fhéadfadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint nó a mholadh go ndéanfar tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54, má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh maidir le ceist thábhachtach a clúdaíodh sna tuarascálacha.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais