Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 6 : DUL I gCOMHAIRLE LE hINSTITIÚIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE

Riail 146 : Dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

1.   I gcás ina ndéanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráil maidir le comhairliúchán le Coiste na Réigiún, tionscnóidh an tUachtarán an nós imeachta comhairliúcháin agus cuirfidh an tUachtarán an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

2.   Féadfaidh coiste a iarraidh go rachfar i gcomhairle le Coiste na Réigiún ar nithe de chineál ginearálta nó ar phointí shonracha.

Léireoidh an coiste ina iarraidh an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Choiste na Réigiún a thuairim a thabhairt.

Déanfar a iarraidh maidir le dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún a fhógairt don Pharlaimint ag a céad pháirtseisiún ina dhiaidh sin agus measfar é sin a bheith formheasta, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, laistigh de thréimhse 24 huaire ón bhfógairt, go ndéanfaí é a chur chun vóta.

3.   Déanfar tuairimí arna gcur ar aghaidh ag Coiste na Réigiún a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais