Ní hé seo an leagan is déanaí de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.
Tá an leagan is déanaí ar fáil anseo:
https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/lastrules/TOC_GA.html

 Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 7 : COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

Riail 148 : Comhaontuithe idirinstitiúideacha

1.   Féadfaidh an Pharlaimint comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eile i gcomhthéacs fheidhmiú na gConarthaí nó chun nósanna imeachta a fheabhsú nó a shoiléiriú.

D'fhéadfadh sé gurb é a bheidh i gcomhaontuithe den sórt sin ná dearbhuithe comhpháirteacha, malartú litreacha, cóid iompair nó ionstraimí cuí eile. Tar éis don choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla iad a scrúdú agus tar éis don Pharlaimint iad a fhormheas, síneoidh an tUachtarán iad.

2.   I gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, athruithe a dhéanamh ar chearta nós imeachta nó oibleagáidí atá ann cheana d'Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás ina mbunaíonn comhaontuithe den sórt sin cearta nua nós imeachta nó oibleagáidí nua d'Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, leasú nó léirmhíniú a dhéanamh ar shlí eile ar na Rialacha Nós Imeachta, tarchuirfear an t- ábhar chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar le go mbreithneoidh sé é i gcomhréir le Riail 236(2) go (6) sula síneofar an comhaontú.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais