Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 2 : ORD GNÓ NA PARLAIMINTE

Riail 161 : Díospóireacht urghnách

1.   Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh go ndéanfar díospóireacht urghnách ar ábhar ar díol mór spéise é agus a bhaineann le beartas an Aontais Eorpaigh a chur ar chlár oibre na Parlaiminte. De ghnáth, ní sheolfar níos mó ná díospóireacht urghnách amháin i rith gach páirtseisiúin.

2.   Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn trí huaire an chloig ar a laghad roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil an díospóireacht urghnách le sheoladh lena linn. Déanfar an

3.   Mar fhreagra ar imeachtaí a tharlaíonn tar éis clár oibre a ghlacadh le haghaidh páirtseisiúin, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla, díospóireacht urghnách a mholadh. Déanfar vótáil ar aon mholadh den sórt sin ag tús suí nó ag am sceidealta vótála. Tabharfar fógra do na Feisirí faoi aon mholadh den sórt sin le haghaidh díospóireacht urghnách uair an chloig ar a laghad roimh an vótáil.

4.   Cinnfidh an tUachtarán an t-am a mbeidh díospóireacht den sórt sin le seoladh. Ní rachaidh fad foriomlán na díospóireachta thar 60 nóiméad. Déanfar am labhartha a leithroinnt ar na grúpaí polaitiúla agus ar na Feisirí neamhcheangailte i gcomhréir le Riail 171(4) agus (5).

5.   Cuirfear deireadh leis an díospóireacht gan rún a ghlacadh.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais