1. Ceapfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte comhaltaí coistí, coistí speisialta agus coistí fiosrúcháin.
Socróidh Comhdháil na nUachtarán spriocdháta faoina ndéanfaidh grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte a gceapacháin a chur in iúl don Uachtarán, agus fogróidh seisean don Pharlaimint iad.
2. Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte.. Maidir le dáileadh shuíocháin na gcoistí i measc na ngrúpaí polaitiúla, ní mór don líon a bheith comhionann leis an tslánuimhir is gaire os cionn an ríomha chomhréirigh nó leis an tslánuimhir is gaire faoin ríomh comhréireach.
I gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a ualach comhréireach laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh.
3. Má chineann grúpa polaitiúil gan suíocháin a thógáil ar choiste, nó má mhainníonn sé a chomhaltaí a cheapadh laistigh den spriocdháta a leagann Comhdháil na nUachtarán síos, fanfaidh na suíocháin faoi chaibidil folamh. Ní cheadaítear malartú suíochán idir grúpaí polaitiúla.
4. I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar athrú grúpa polaitiúil ag Feisire go gcuirtear isteach ar dháileadh comhréireach na suíochán coiste mar atá sainmhínithe i mír 2, agus nach bhfuil aon chomhaontú idir grúpaí polaitiúla le comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach ann a chinntiú, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán na cinntí is gá.
5. Cuirfear aon mhodhnuithe a chinneann na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte sna ceapacháin in iúl don Uachtarán, a fhógróidh iad don Pharlaimint ag tús an chéad suí eile ar a dhéanaí. Tiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm ó lá an fhógra sin.
6. Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte líon áirithe comhaltaí ionaid a cheapadh le haghaidh gach coiste agus ní bheidh an líon sin níos mó ná líon na lánchomhaltaí a bhfuil an grúpa polaitiúil nó na Feisirí neamhcheangailte i dteideal a cheapadh sa choiste. Cuirfear an tUachtarán ar an eolas dá réir sin. Beidh na hionadaithe seo i dteideal freastal agus labhairt ag cruinnithe coiste agus, má tá an comhalta iomlán as láthair, páirt a ghlacadh sa vótáil.
7. gcás nach bhfuil an lánchomhalta i láthair agus i gcás nár ceapadh ionadaithe nó má tá siad as láthair, féadfaidh an lánchomhalta a shocrú go ndéanfaidh ball eile den ghrúpa polaitiúil céanna ionadaíocht air nó uirthi ag cruinnithe, nó, i gcás gur Feisire neamhcheangailte an comhalta, go ndéanfaidh Feisire neamhcheangailte eile, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh, ionadaíocht air nó uirthi. Cuirfear Cathaoirleach an choiste ar an eolas faoi thús an tseisiúin vótála ar a dhéanaí.
Ní foláir an réamhfhógra dá bhforáiltear san abairt dheireanach de mhír 7 a thabhairt roimh dheireadh na díospóireachta nó roimh an vóta a oscailt ar an mír nó ar na míreanna a bhfuil ionadú á dhéanamh ar an lánchomhalta ina leith.
I gcomhréir leis an Riail seo:
– beidh stádas lánchomhalta nó ionadaí de choiste ag brath go heisiach ar bhallraíocht i ngrúpa polaitiúil áirithe;
– más rud é go n-athraíonn líon comhaltaí iomlán an ghrúpa pholaitiúil i gcoiste, déanfaidh an líon uasta d'ionadaithe buan a fhéadfaidh sé a cheapadh don choiste sin athrú dá réir sin;
– Feisirí a n-athraíonn a ngrúpa polaitiúil, ní fhéadfaidh siad stádas lánchomhalta coiste nó stádas ionadaí coiste a raibh acu mar bhaill dá ngrúpa bunaidh a choinneáil;
– ní fhéadfaidh comhalta coiste faoi aon imthosca a bheith ina ionad do chomhghleacaí a bhaineann le grúpa polaitiúil eile.
An leagan de Riail 199 a mbeidh feidhm aige ó oscailt pháirtseisiúin Iúil 2019, tá sé ar fáil fresin san Aguisín a ghabhann leis an eagrán seo de na Rialacha Nós Imeachta.