Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 2 : TOSCAIREACHTAÍ IDIRPHARLAIMINTEACHA

Riail 223 : Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin

1.   Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, cuirfidh an Pharlaimint buantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha ar bun agus déanfaidh sí a gcineál agus líon a gcomhaltaí a chinneadh i bhfianaise na ndualgas a bheidh orthu. Ceapfaidh na grúpaí polaitiúla nó na Feisirí neamhcheangailte na comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin nó an dara páirtseisiún tar éis atoghadh na Parlaiminte agus toghfar iad go ceann ré an téarma pharlaimintigh.

2.   Áiritheoidh na grúpaí polaitiúla a mhéid is féidir go mbeidh ionadaíocht chothrom ar Bhallstáit, ar thuairimí polaitiúla agus ar inscne. Ní fhéadfar go mbeidh an náisiúntacht chéanna ag níos mó ná an tríú cuid de chomhaltaí toscaireachta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 209.

3.   Déanfar biúrónna na dtoscaireachtaí a chomhdhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos do na buanchoistí i Riail 213.

4.   Cinnfidh an Pharlaimint cumhachtaí ginearálta gach toscaireachta aonair. Féadfaidh sí a chinneadh, aon tráth, na cumhachtaí sin a mhéadú nó a shrianadh.

5.   Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, ar thogra ó Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí, na forálacha cur chun feidhme a ghlacadh is gá chun a chumasú do na toscaireachtaí a gcuid oibre a dhéanamh.

6.   Tuairisceoidh Cathaoirleach toscaireachta ar ais go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí na toscaireachta don choiste atá freagrach as gnóthaí eachtracha.

7.   Tabharfar deis do Chathaoirleach toscaireachta éisteacht a fháil os comhair coiste más rud é go mbaineann mír ar an gclár oibre le réimse freagrachta na toscaireachta sin. Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna i leith Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste sin i gcás cruinnithe de chuid na toscaireachta.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais