Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2021
EPUB 156kPDF 712k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL IX : ACHAINÍOCHA

Riail 226 : Ceart achainí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe aige nó aici i mBallstát, ar a chonlán féin nó ar a conlán féin, nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart chun achainí a chur os comhair na Parlaiminte ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann go díreach leis nó léi.

2.   Beidh ainm agus seoladh buan gach achainígh ar taispeáint ar achainíocha chun na Parlaiminte.

3.   Ní chlárófar mar achainíocha aighneachtaí chuig an bParlaimint ar follasach nach bhfuil siad ceaptha a bheith ina n-achainíocha; ina ionad sin, cuirfear ar aghaidh chuig an tseirbhís chuí iad gan mhoill chun déileáil leo tuilleadh.

4.   I gcás achainí a bheith sínithe ag roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ainmneoidh na sínitheoirí ionadaí agus leas-ionadaí agus measfar gurb iadsan na hachainígh chun críocha chur chun feidhme an Teidil seo.

I gcás nach n-ainmnítear aon ionadaí den sórt sin, measfar gurb é nó í an chéad sínitheoir an t- achainíoch nó gur duine cuí eile a bheidh ina achainíoch.

5.   Féadfaidh gach achainíoch a shíniú nó a síniú a tharraingt siar tráth ar bith.

Má tharraingíonn na hachainígh uile a sínithe siar, beidh an achainí ar neamhní.

6.   Ní mór achainíocha a bheith scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ní bhreithneofar achainíocha atá scríofa in aon teanga eile ach amháin i gcás ina ndéanann an t- achainíoch aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gceangal léi. Déanfar an teanga oifigiúil ina mbeidh an t-aistriúchán tarraingthe suas a úsáid i gcomhfhreagras na Parlaiminte leis an achainíoch.

Féadfaidh an Biúró cinneadh a dhéanamh go bhféadfar achainíocha agus comhfhreagras le hachainígh a dhréachtú i dteangacha eile a bhfuil, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát lena mbaineann, stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid di.

7.   Féadfar achainíocha a thíolacadh tríd an bpost nó trí Thairseach na nAchainíocha a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte agus a thabharfaidh treoir don achainíoch faoin gcaoi le hachainí a chur le chéile ar bhealach atá ag teacht le mír 1 agus mír 2.

8.   I gcás ina bhfaightear roinnt achainíocha a bhfuil ábhar comhchosúil acu, féadfar go ndéileálfaí le chéile leo.

9.   Déanfar na hachainíocha a thaifeadadh i gclár san ord ina bhfaightear iad má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 2. Déanfar na hachainíocha nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a chomhdú, agus cuirfear na cúiseanna ina leith sin in iúl don achainíoch.

10.   Cuirfidh an tUachtarán achainíocha a thaifeadfar sa chlár ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as achaíonacha, agus suífidh an coiste sin ar dtús inghlacthacht na hachainí i gcomhréir le hAirteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Mura dtagann an coiste ar chomhthoil maidir le hinghlacthacht na hachainí, dearbhófar go bhfuil an achainí inghlactha má iarrann an tríú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

11.   Déanfar na hachainíocha a dhearbhóidh an coiste a bheith neamh-inghlactha a chomhdú. Cuirfear an cinneadh agus na cúiseanna i leith an chinnidh sin in iúl don achainíoch. Nuair is féidir, féadfar bealach eile sásaimh a mholadh.

12.   Is doiciméid phoiblí a bheidh sna hachainíocha ón tráth a gcláraítear iad agus féadfaidh an Pharlaimint, ar chúiseanna trédhearcachta, ainm an achainígh, comh-achainígh fhéideartha agus lucht tacaíochta féideartha, agus gach a bhfuil san achainí a fhoilsiú. Cuirfear an méid sin in iúl don achainíoch, do na comh-achainígh agus don lucht tacaíochta dá réir sin.

13.   D’ainneoin mhír 9, féadfaidh an t-achainíoch, comh-achainíoch nó duine den lucht tacaíochta a iarraidh go gcoinneofar siar a ainm nó a hainm chun a phríobháideacht nó a príobháideacht a chosaint, agus sa chás sin comhlíonfaidh an Pharlaimint an iarraidh.

Más rud é nach féidir gearán an achainígh a imscrúdú mar go bhfuil an t-achainí curtha i ndíth ainm, rachfar i gcomhairle leis an achainíoch maidir leis na bearta eile a bheidh le glacadh.

14.   D’fhonn cearta na dtríú páirtithe a chosaint, féadfaidh an Pharlaimint, ar a conlán féin nó arna iarraidh sin ón tríú páirtí lena mbaineann, achainí agus/nó sonraí atá inti a chur i ndíth ainm, má mheasann an Pharlaimint gur cheart é sin a dhéanamh.

15.   Déanfar achainíocha arna ndíriú chuig an bParlaimint ag daoine nádúrtha nó ag daoine dlítheanacha nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad nó nach bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó nach bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát a chlárú agus a chomhdú ar leithligh ó achainíocha eile. Déanfaidh an tUachtarán taifead míosúil de na hachainíocha sin a fhaigheann sé i rith na míosa roimhe sin, ar taifead é ina léireofar ábhar na n-achainíocha, a sheoladh chuig an gcoiste. Féadfaidh an coiste sin na hachainíocha ar mian leis breithniú a dhéanamh orthu a iarraidh.

An nuashonrú is déanaí: 15 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais