Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
II.   An Coiste um Fhorbairt

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   cur chun cinn, cur chun feidhme agus faireachán i ndáil le beartas forbartha agus comhair an Aontais, go háirithe:

(a)   comhagallamh polaitíochta le tíortha atá i mbéal forbartha, go déthaobhach agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna fóraim idirpharlaiminteacha iomchuí,
(b)   cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha agus comhaontuithe comhair leo, go háirithe formhaoirseacht ar mhaoiniú éifeachtach cabhrach agus measúnú ar aschur, lena n-áirítear maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú,
(c)   faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh idir beartais na mBallstát agus na beartais sin a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais;
(d)   luachanna daonlathacha, dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha;
(e)   comhleanúnachas beartais a chur chun feidhme, a chur ar aghaidh agus faireachán a dhéanamh air maidir le beartas forbartha;

2.   an reachtaíocht uile, na cláir uile agus an grinnscrúdú uile ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (ICF), faoin gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) - i ndlúthchomhar le parlaimintí náisiúnta - agus faoin Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil, mar aon leis na nithe uile a bhaineann le cabhair dhaonnúil i dtíortha i mbéal forbartha agus na beartais is bonn leo;

3.   nithe a bhaineann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus caidreamh leis na comhlachtaí iomchuí;

4.   nithe a bhaineann le Tíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna);

5.   rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is cuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 8 Aibreán 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais