IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
VIII. An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1. beartas comhshaoil agus bearta cosanta comhshaoil, go háirithe beartais agus bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) an t-athrú aeráide;
(b) truailliú aeir, ithreach agus uisce, bainistiú agus athchúrsáil dramhaíola, substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, leibhéil torainn agus cosaint na bithéagsúlachta,
(c) forbairt inbhuanaithe,
(d) bearta agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil,
(e) damáiste comhshaoil a dheisiú,
(f) cosaint shibhialta,
(g) an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach,
(h) an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;
2. sláinte phoiblí, go háirithe:
(a) cláir agus gníomhartha sonracha i réimse na sláinte poiblí,
(b) táirgí cógaisíochta agus táirgí cosmaideacha,
(c) gnéithe sláinte den bhithsceimhlitheoireacht,
(d) an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar;
3. saincheisteanna sábháilteachta bia, lena n-áirítear go háirithe:
(a) lipéadú agus sábháilteacht earraí bia,
(b) reachtaíocht tréidliachta maidir le cosaint in aghaidh rioscaí do shláinte an duine; seiceálacha sláinte poiblí ar earraí bia agus ar chórais táirgthe bia,
(c) Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa.