Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 3 : Fíorú na ndintiúr

1.   Tar éis olltoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, iarrfaidh an tUachtarán ar údaráis inniúla na mBallstát ainmneacha na bhFeisirí tofa a chur in iúl don Pharlaimint gan mhoill ionas go bhféadfaidh na Feisirí go léir a gcuid suíochán sa Pharlaimint a ghlacadh le héifeacht ó oscailt an chéad suí tar éis na dtoghchán.

Ag an am céanna, tarraingeoidh an tUachtarán aird na n–údarás sin ar fhorálacha ábhartha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus iarrfaidh an tUachtarán orthu na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht le hoifig Feisire de Pharlaimint an hEorpa a sheachaint.

2.   Déanfaidh na Feisirí a mbeidh a dtoghadh curtha in iúl don Pharlaimint dearbhú i scríbhinn, sula nglacfaidh siad a suíocháin sa Pharlaimint, á rá nach bhfuil siad i seilbh aon oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976. Tar éis olltoghchán, déanfar an dearbhú, nuair is féidir, tráth nach déanaí ná sé lá roimh an gcéad suí den Pharlaimint tar éis na dtoghchán. Go dtí an tráth a mbeidh dintiúir na bhFeisirí fíoraithe nó go dtí go mbeidh rialú tugtha ar aon díospóid, agus ar choinníoll go mbeidh an dearbhú i scríbhinn thuasluaite sínithe roimh ré ag na Feisirí, tógfaidh siad a suíochán sa Pharlaimint agus ar a cuid comhlachtaí agus teachtfaidh siad na cearta go léir a ghabhann leis sin.

I gcás ina suitear, ó fhíorais is infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, go bhfuil Feisire i seilbh oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, déanfaidh an Pharlaimint, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag a hUachtarán, a shuíomh go bhfuil folúntas ann.

3.   Ar bhonn tuarascáil ón gcoiste atá freagrach as fíorú na ndintiúr, fíoróidh an Pharlaimint na dintiúir gan mhoill agus rialóidh sí ar bhailíocht shainordú gach Feisire nuathofa dá cuid agus rialóidh sí freisin ar aon díospóidí arna dtarchur chuici de bhun fhorálacha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, seachas díospóidí, a thagann, faoin Ionstraim sin, go heisiach faoi na forálacha náisiúnta dá dtagraíonn an Ionstraim sin.

Beidh tuarascáil an choiste bunaithe ar fhógra oifigiúil ó gach Ballstát faoi thorthaí iomlána an toghcháin, ar fógra é ina sonrófar ainmneacha na n–iarrthóirí tofa agus ainmneacha aon chomhaltaí ionaid mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála.

Ní fhéadfar bailíocht sainordú Feisire a dhaingniú mura rud é go ndéantar na dearbhuithe i scríbhinn a éilítear faoin Riail seo agus faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

4.   Ar bhonn togra ón gcoiste freagrach, fíoróidh an Pharlaimint gan mhoill dintiúir na bhFeisirí aonair atá ag teacht in ionad Feisirí atá ag dul as oifig agus féadfaidh sí rialú a dhéanamh, tráth ar bith, ar aon díospóid maidir le bailíocht shainordú aon duine dá cuid Feisirí.

5.   I gcás ina gceapfar Feisire mar gheall ar iarrthóirí do tharraingt siar ón liosta céanna, áiritheoidh an coiste freagrach gur tharla an tarraingt siar atá i dtrácht i gcomhréir le meon agus ábhar Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus Riail 4(2).

6.   Áiritheoidh an coiste freagrach go ndéanfaidh údaráis na mBallstát nó an Aontais aon fhaisnéis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’incháilitheacht an Fheisire nó d’incháilitheacht nó do rangú na gcomhaltaí ionaid a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an bParlaimint agus, i gcás ceapacháin, go léireofar an dáta a mbeidh éifeacht leis.

Más rud é go dtionscnóidh údaráis inniúla na mBallstát nós imeachta as a bhféadfaí Feisire a dhícháiliú ó bheith i seilbh oifige, iarrfaidh an tUachtarán orthu é féin nó í féin a choinneáil ar an eolas go rialta faoin gcéim den nós imeachta a bheidh bainte amach agus tarchuirfidh an tUachtarán an cheist chuig an gcoiste freagrach. Ar thogra ón gcoiste sin, féadfaidh an Pharlaimint seasamh a ghlacadh ar an ábhar.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais