Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 5 : Pribhléidí agus díolúintí

1.   Teachtann na Feisirí na pribhléidí agus díolúintí a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

2.   I bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, gníomhóidh an Pharlaimint chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Ní pribhléid phearsanta d'Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach is ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí.

3.   Déanfaidh an tAontas Eorpach laissez-passer den Aontas Eorpach, lena dtugtar cead saorghluaiseachta d’Fheisire sna Ballstáit agus i dtíortha eile a aithníonn é mar dhoiciméad taistil bailí, a eisiúint chuig Feisire arna iarraidh sin dó nó di, ar an gcoinníoll go dtugann Uachtarán na Parlaiminte an t-údarú.

4.   Chun a ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag na Feisirí go léir a bheith rannpháirteach go gníomhach in obair choistí agus thoscaireachtaí na Parlaiminte i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

5.   Beidh Feisirí i dteideal aon chomhaid atá i seilbh na Parlaiminte nó i seilbh coiste a iniúchadh, seachas comhaid agus cuntais phearsanta, arb iad na Feisirí lena mbaineann amháin a fhéadfaidh iad a iniúchadh. Tá eisceachtaí ón riail seo maidir le láimhseáil doiciméad a bhféadfar rochtain phoiblí orthu a dhiúltú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), leagtha síos i Riail 221.

Le formheas ón mBiúró, féadfar, ar bhonn cinneadh réasúnaithe, an ceart chun iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméad de chuid na Parlaiminte a shéanadh ar Fheisire más rud é, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, go gcinneann an Biúró go mbeadh iniúchadh den sórt sin ina chúis le damáiste neamh-inghlactha do leasanna institiúideacha na Parlaiminte nó don leas poiblí, agus go bhfuil an Feisire lena mbaineann ag féachaint leis an doiciméad a iniúchadh ar chúiseanna príobháideacha agus pearsanta. Féadfaidh an Feisire achomharc i scríbhinn a thaisceadh i gcoinne cinneadh den sórt sin laistigh de mhí amháin tar éis an fógra a fháil ina leith. Chun bheith inghlactha, ní mór cúiseanna a bheith ar áireamh in achomhairc i scríbhinn. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an achomharc gan díospóireacht le linn an pháirtseisiúin tar éis an t-achomharc a thaisceadh.

Tá rochtain ar fhaisnéis rúnda faoi réir na rialacha atá leagtha síos i gcomhaontuithe idirinstitiúideacha arna dtabhairt i gcrích ag an bParlaimint maidir le cóireáil faisnéise rúnda (2) agus leis na rialacha inmheánacha maidir lena gcur chun feidhme arna nglacadh ag comhlachtaí inniúla na Parlaiminte (3).

(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43)
(2) Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (IO C 298, 30.11.2002, lch. 1). Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil acu i ndáil le hábhair seachas na hábhair sin i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (IO C 95, 1.4.2014, lch. 1). An Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil acu i ndáil le hábhair seachas na hábhair sin i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (IO C 95, 1.4.2014, lch. 1).
(3) Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2002 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh lena rialaítear rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (IO C 298, 30.11.2002, lch. 4). Cinneadh ón mBiúró an 15 Aibreán 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear an tslí ina ndéileálann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (IO C 96, 1.4.2014, lch. 1).
An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais